Newsletter - May message: English German French   – Easter Greetings: English German French

A chairde,

Mar is eol daoibh uile go léir de réir bhur dtaithí féin, tá athrú i ndiaidh teacht ar an domhan.

Sna míonna beaga atá imithe tharainn, fuair daoine tuiscint nach rachaidh an saol ar aghaidh mar is gnách nó mar is mian leo. B’fhéidir go raibh tú sona sásta sular tháinig an phaindéim (de réir dealraimh) orainn. Sin, nó seans nach raibh tú chomh sásta sin leis saol a bhí agat.

Táthar ann a d’oibrigh go dian thar na blianta lena bhfiontar féin a thógáil agus a bhfuil gach rud caillte acu, caillte go deo b’fhéidir.
Tá daoine eile ann atá ag caoineadh go géar duine muinteartha a bhásaigh gan choinne.

Is féidir le hathrú tobann ceisteanna a mhúscailt ionat nach rithfeadh leat aon uair eile.

  • Cad é atá ag titim amach? Cén bhaint atá aige sin liomsa?
  • An bhfuil tuiscint agam féin ar imeachtaí? An bhfuil sé tuillte agam?
  • Cad é mar a mhothaím faoi chúrsaí? Cad é mar atá mo theaghlach, mo chuid cairde, mo chomharsana?
  • An bhfuil go leor de bhia, d’airgead agus de riachtanais an tsaoil agam?
  • Cad é mar a bheas an lá amárach? An tseachtain, an mhí, an bhliain seo chugainn?
  • Tá mé ar an eolas faoin oiread sin tuairimí agus tuairiscí, cad é ba chóir dom a chreidiúint?

Bíonn tionchar ag na hathruithe seo agus na ceisteanna seo ar do chuid mothúchán, ar an chreideamh atá agat agus ar do chuid sláinte. Seans go mothaíonn tú faoi bhagairt. An bhfuil strus ort?

Cén fhreagairt a bhí agat? Troid nó teitheadh?

B’fhéidir go bhfuil tú ar rothaí an tsaoil agus breá sásta leis an dúshlán nua?

Cé bith freagairt atá agat, is léir gur oscailt súl atá ann agus spreagadh le machnamh a dhéanamh ar an riocht ina bhfuil tú féin agus cúrsaí thart timpeall ort.

Ní mórcheist phearsanta amháin atá sa ghéarchéim reatha, ach is mórcheist áitiúil agus dhomhanda í chomh maith. Beidh tionchar aici ort, bíodh sé beag nó mór, san am atá le teacht.

Sna míonna (nó b’fhéidir sna blianta) amach romhainn, beidh ort plé le hiarmhairtí do chuid iompar féin agus iompar an rialtais agus tionchair éagsúla eile.

An bhfuil tú sásta leis sin?

An gcreideann tú go mbeidh tú sábháilte? An dtiocfaidh an rialtas nó na heolaithe atá dá chomhairliú ar réiteach a bheidh le do leas?  Nó an measann tú go bhfuil uisce faoi thalamh de chineál éigin ann? Rud a choinneoidh eagla ort go buan le tú a choinneáil faoi smacht agus le tú a choinneáil san áit a bhfuil tú agus géilleadh le srianta le do leas. 

An bhfuil tú sásta le vacsaíniú éigeantach agus teicneolaíocht a dhéanfas monatóireacht ar do chuid sláinte agus ar do chuid iompair?

Is iomaí ceist atá ann agus tá éiginnteacht phearsanta ann chomh maith. B’fhéidir go bhfuil níos mó strus ag cur isteach ar do chorp, anam agus intinn, fiú, mar gheall ar dhrochiarmhairtí na gcúrsaí seo atá anois amach romhainn. Leis an bhís dhiúltach seo a thiontú thart, beidh orainn an riocht ina bhfuilimid a thuiscint agus bealach a fháil le cinnteacht agus tuiscint taobh istigh a aimsiú, agus beidh orainn teacht ar thacaíocht ó dhaoine eile. Mura dtig linn a leithéid a fháil ó institiúidí, ón rialtas ná ón tsochaí, beidh orainn bealach a aimsiú le láidreacht a thógáil inár gcroí féin istigh.

Táimidne a sheol an tionscnamh seo, Stoirm Mhisnigh, Stoirm Ghrá, ag leanúint lorg an mhórphictiúir le tamall fada agus táimid cinnte dearfa anois go bhfuil níos mó ar siúl sa chúlra ná mar atá á thabhairt le fios go hoifigiúil, rudaí nach bhfuilimid in ainm is a bheith ar an eolas fúthu. Tá an chuma ar chúrsaí go bhfuil straitéis ar cois chun go mbeidh tú níos cleithiúnaí agus tá an straitéis seo á méadú de réir a chéile. Táthar ag iarraidh ort glacadh le gach rud gan cheist agus tá ról ag na meáin chumarsáide agus ag an droch-iriseoireacht ann. Táthar ag iarraidh ort do mhuinín a chur in eolaíocht nua. An tuiscint atá fite ann sin ná nár chóir duit agus nach féidir leat muinín a chur i nduine ar bith eile, i do chuid críonnachta féin ná sa tuiscint atá ag do chorp féin ar chúrsaí. Tá mearbhall ort leis an bhrú atá á chur ort agus táthar ag iarraidh go mbeidh tú ag ceistiú do bheo nádúrtha, do shláinte nádúrtha agus do chuid smaointeoireachta féin. Tá tú faoi thionchar éigin atá ag rá leat gan do mhuinín a chur i gcríonnacht ársa an chine dhaonna a d’fhorbair thar am. 

Leis an eolaíocht nua seo, táthar ag iarraidh go bhfágfar inár ndiaidh teagmháil agus idirghníomhú idir dhaoine agus go dtiocfaidh teicneolaíocht fhuarchúiseach isteach ina n-áit. Táthar ag iarraidh a chur ina luí orainn nach fiú a dhath ar bith sa saol ach toraíocht na siamsaíochta, an ábharachais agus an tsaibhris.

Is é seo cultúr slítheánta na heagla lena bhfuiltear ag iarraidh ort an tsláintiúlacht agus muinín i do chóras imdhíonachta féin a chur i leataobh le go mbeidh tú ag brath ar chógais chostasacha – a n-íocfaidh tú féin astu tríd an chóras cánach.

Níl anseo ach cuid de ghnéithe na hoibre atá idir lámha.
Cúis imní níos mó arís é go bhfuiltear ag súil go gcreidfidh tú, sa tréimhse iarphaindéime, i dteagasc cúng eolaíochta agus go dtabharfaidh tú cúl do chreideamh san ardintleacht.

Gan aon amhras, caithfear é seo a cheistiú.
Cé dó a bhfóireann sé seo?
Cé a bhaineas sochar as na riachtanais seo go domhanda? Tá rás ar siúl chun cumhachta agus smachta.

An eolaíocht í seo?
Níor chóir go mbeadh staidéir eolaíochta ag brath ar áiseanna ó chistí príobháideacha ná faoi cheannas príobháideach. Fiú má tá taighde á dhéanamh faoi scáth fhondúireachtaí carthanachta, tá ceist chumhachta ann. Is iomaí duine a bhfuil ollsaibhreas aige ach is cuma faoin airgead mura bhfuil cumhacht i gceist. Is beart an-amhrasta é glacadh le carthanas nó le héachtaí móra móraigeanta a thairiscint do náisiúin faoi scáth “cuidiú” don Iarthar nó “cúnamh” don Tríú Domhan. Glacadh an WHO agus an WTO i gcomhar le cuid mhór rialtas a leithéid de thionchar den chineál seo agus tá siad anois i bhfiacha dá bharr.

Ná cuirtear dallamullóg ort!
Táthar ag scaipeadh intleacht shaorga agus modhanna eile eolaíochta faoi láthair nach nglacann ach na toisí intomhaiste fisiciúla san áireamh. Ní chuirtear san áireamh nach é an corp fisiciúil iomlán na beatha. Tá sé cosúil le hanailís chliniciúil a dhéanamh ar dhán álainn nó ar phictiúr gan ach na focail loma, an páipéar, an dúch agus an phéint a fheiceáil agus an tionchar mothúchánach ar an bhreathnóir a chur as an áireamh.

Is é atá mar chuspóir againne cuidiú le daoine an mórphictiúr a fheiceáil sa dóigh go dtig leo a dtuiscint féin a fhorbairt agus cinneadh a dhéanamh bunaithe ar a mbuanna nádúrtha féin agus a gcoinsias féin faoin cineál todhchaí, mar sin de, a ba mhaith linn a chruthú do na glúine a thiocfas inár ndiaidh.   

Is tréimhse spéisiúil dár linne í seo. Beidh a fhios againn roimhe i bhfad más rud é go dtiocfar deireadh leis an chine daonna de bharr chogaidh, gach duine  in éadan duine eile – nó a mhalairt – go dtiocfaidh linn ardchultúr a fhorbairt agus suaimhneas againn leis an dúlra sa dóigh go dtiocfadh le daoine saolta suimiúla díniteacha a bheith acu agus lúcháir síochána orthu.

San am i láthair tá bagairtí móra cealgaireachta roimh dhaoine, ach tá a mhalairt sin mar rogha againn chomh maith. Tá an bhagairt ann go mbainfear an ceart dúchais ar shaol maith fiúntach a chaitheamh, ach tá ard-chríonnacht dhiaga ag siúl inár measc i ngan fhios dúinn mar gheall ar strus laethúil, súile míshuaimhneacha agus cluasa atá faoin iomarca brú. Ní bhainfidh treoraithe críonna, grámhara úsáid as modhanna ardnósacha slítheánta margaíochta ná cainéil chlaonta bhladhmannacha nuachta.

Ní théann fíorchríonnacht i ngleic le coincheapa atá faoi smacht an airgid. Ní chuireann fíorchríonnacht isteach ort.
Agus tú faoi thionchar na fíorchríonnachta, tá tú saor agus léirítear meas ort mar dhuine aonair. Ach is minic nach dtuigtear é seo go dtí go gcuirtear dúshlán a théann go smior romhat. Dá bharr sin, bíonn ár n-anam i mbarr a chéille ag iarraidh an fhírinne a aimsiú.

Is éigean dúinn dóchas a bheith againn go gcaithfimid, mar shochaí, foghlaim ón stair sa dóigh nach mbíonn casadh eile an rotha ann arís agus arís eile le caomhnú staid caismirte. Is éigean dúinn glacadh le modh maireachtála a ligeas dúinn dul chun tosaigh ar bhonn cóimheasa i dtreo na hard-sprice a bhaineann le síocháin agus le rathúnas d’iomlán na sochaí trí lánpháirtíocht seachas trí scaradh agus deighilt.

Nuair a bhíonn ár n-anam réidh le hoscailt sa dóigh gur féidir lenár gcluasa agus ár súile áilleacht, filíocht, cumhracht agus cló an duine a chluinstin agus a fheiceáil, agus míorúilt na beatha féin fiú.. Is ansin a éirímid tostach agus a thosaimíd ag éisteacht leis an ghlór inár gcroí agus inár n-anam istigh. Is ansin a bhíonn deis againn an intleacht atá i bhfad níos airde agus níos áille ná iomlán na teicneolaíochta saorga, intleacht a labhraíonn linn inár dteanga féin agus a thuigeann ár scéal féin níos fearr ná mar a thuigfeadh an cara is fearr. Is féidir leis an intleacht seo cuidiú linn an t-anfa a thiontú ina stoirm mhisnigh agus ghrá.

Ar aimsiú an tsaoil seo duit, tosaíonn do shaol féin a athrú agus ardófar an saol le áilleacht agus dílseacht an taithí. 

Is oscailt súl é ar an fhírinne dhiongbháilte atá ann agus fágtar cathú baoth an domhain shaorga inár ndiaidh.

Tiocfaidh fíorghrá, lúcháir, dóchas úr, muinín agus misneach as an tuiscint seo. Tarraingeofar chugainn cairde úra atá i mbun todhchaí an phláinéid seo a mhúnlú le go mbeidh sé i gcomh-shuaimhneas leis an dúlra agus leis an saol. Is fiúntach ar son na beatha go huile is go hiomlán é.


Gabhaim buíochas leat as do chuid suime agus as do chuid tacaíochta.

Stoirm Mhisnigh agus Stoirm Ghrá.

Joomla! Debug Console

Session

Profile Information

Memory Usage

Database Queries